School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 422
  3. XML “Daoine Cáiliúla - Snámhaí”
  4. XML “Daoine Cáiliúla - Fear Láidir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ar an Tonn-Bháin am amháin darb' ainm dó Séimí Mac Giolla Cheara. Lá amháin tháinig Aifriceannach isteach go Port-na-Long agus dubhairt sé nach rabh fear ar an bhaile a rabh in a snámhaidhe comh maith leis féin. Tháinig Séimí 'un tosaigh agus dubhairt sé go rabh sé féin comh maith leis. Dubhairt an chaptaoin go dtabhairfeadh sé deich bpunnt dó'n chéad duine aca a rachfadh amach míle slighe ó'n chéidh, agus teacht isteach aráis. Cuireadh an long amach míle slighe mar mharc dóbhtha. Annsin d'fhág an bheirt an chéidh agus thoisigh siad a' snámh. Ba é Séimí an chéud duine a shroich an chéidh aráis agus fuair sé na deich bpunnt. Bhí iongantas ar gach duine fá'n dóigh gur fhág Séimí an t-Aifricennach ar deireadh, nó bhí sé ráidhtighthe gur snamhaidhe ar dóigh a bhí 'san Aifriceannach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ar an Tonn-Bháin am amháin darb' ainm dó Tomás Mac Giolla Cheara, mac dó Shéimí. Ins an am sin bhí muilinn ag 'ul ar aghaidh i gCeann-Droma choinne coirce do mheilt. Thug Tomás dhá fhichead
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáitlín Ní Shiadhail
    Gender
    Female
    Address
    Rapa, Co. Donegal
    Informant
    Máire Bean Uí Shoibhleáin
    Gender
    Female
    Age
    72
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Cionn Droma, Co. Donegal