School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 417

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 417

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 417
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn an ghealach leath chumsaighthe leis na spéirí; nuair a bhíonn na realta le feiceal sin comhartha go bhfuil aimsir mhaith ag teacht. An ghaoth is cionntach leis an bhoglach.
    Nuair a bhíonn stoirm ag teacht aithnigheann an cat; toisigheann sé a sgribhadh an dorais agus tuinnigheann sé a thoin leis an teinidh. Comhartha mór stoirme an séideadh anuas sa t-simleoir; ma tidheann tú tuar ceatha ag teacht agus ma tidheann tú í tráthnóna sin comhartha mór fearthanna.
    Comhartha mór eile na geacha fiadhne a bheith ag teacht anoir go luath, go bhfuil aimsir olc ag teacht. Rud eile deirtear nuair a bhíonn an suiche ag tuitim anuas an similear. Agus deirtear fósta gur comhartha mór stoirme an fhairrge a bheith mór agus na h-éanacha a bheith ag eitil go hárd. Seo cuid de na h-éanacha a théigheann amach ar doimhneacht na fairrge nuair a bhíónn stoirm ag teacht, an muirean, agus an crudhain agus an leitheann.
    Bíonn tormann mór ag na lochlanna agus ag na h-aibhneacha sin comhartha fearthanna. Deirtear gur comhartha mór stoirme na cuileogaí a bheith ag eitil go h-árd.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Shiadhail
    Gender
    Female
    Informant
    Siadhail
    Age
    77
    Occupation
    Feirmeoir