School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 383
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí ministéir i gCruacháin tá fada ó shoin, agus bhí sé an -shaidhbhir. Níor mhaith leis a chuid saidhbhris a fhágail ag duine ar bith, agus ar an ádhbhar sin, d'fholaigh sé é faoi bhun chrainn san garrdha. Rinneadh iarrachtaí cupla uair leis an ór a fhághail, acht theip ortha é a fhágháil, nó thiocfadh spiorad agus dhúndadh sé an talamh ós coinne súile na ndaoine, agus annsin tháinig na sluaighte cait agus madaidh agus preéachan a bhí mar ghárdaí chosanta ar an saidhbhreas, tháinig siad agus chuir siad an tóir ar na daoine a bhí ag iarraidh an saidhbhreas a fhághail.Deir na ndaoine gur sobhrannaí agus ór atá ins an stór atá i bhfolach, ach chan'il fhios acu cad is fiú an stór. Deir siad fosta nach dtig an saidhbhreas a fhághail nó go dtiocfaidh fear naomhtha le é a chuartughadh.
- Collector
- Cáitlín Ní Siadhail
- Gender
- Female
- Informant
- Séamús Mac a' Bháird
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Tonn Bhán, Co. Donegal