School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 369

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 369

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 369
  3. XML “Ambhros ó Siadhail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fad ó shoin agus is fad ó shoin é de shíol Shiadhail. Bhí sé fhéin agus a bhean ina gcomhnuidhe i gcoillidh. Bhí mac amháin acu, ach fuair an bhean bás nuair a rugadh an mac agus thóg sé é le bainne. Ambhros a tugadh ar an mhac agus cha rabh dadaidh le h-ithe aige ach éanacha na coilleadh agus eallach fiadhaine.
    Bhí siad ina gcomhnuidhe annsin go bréagh ag ithe leo go rabh Ambhros fiche bliadhain. Chuaidh an t-athair amach lá amháin fá choinne ainmhidhe le na mharbhadh agus thainig sé 'na bhaile agus chan fhuair sé a'n fhear.
    Nuair a thainic sé isteach thoisigh sé a chaoineadh agus d'fhiafruigh a mhac, Ambhros, dó cáide bhí air. "Níl a'n anmhidhe le fágháil againn le h-ithe agus tá mé buaidheartha ag amharc ortsa dhul 'un bháis le h-ocras". "Ach" a deir sé "mair'fidh mé an bhó atá ag tabhairt bainne dúinn agus bheirfidh mé a leath duit agus imtheochaidh tú i mbéal do chinn ag cuartadh seirbhíse(").
    Mharbhuigh sé an bhó agus ghearr suas í agus cheangail sé a leath i gcroicne gabhair. Chuir Ambhros leath na bó ar a dhruim agus shiubhail sé leis ar maidin. Bhí sé siubhal leis fríd na coillte agus nauir a bhíodh ocras air lasadh sé teine agus bhruitheadh sé cuid den fheóil. Bhí sé dhá lá agus dhá oidhche ag siubhal leis agus nuair a thiocadh an oidche air chodluigheadh sé sa choillidh.
    Ar an tríomhadh maidin d'ith sé deireadh na feola agus shiubhail sé leis gur casadh bealach mór air. Shiubhail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Domhnaill
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraig Ó Colla
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    An Seisíoch, Co. Donegal