School: Baile Mhichíl (roll number 16241)
- Location:
- Baile Mhicheáil, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ua Gafacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhichíl
- XML Page 349
- XML “Na Préataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuireann gach teaglach san áit seo préatai. Sé m'athair a chuireann na préátaí dúinne. Cuireann sé aoileach ortha agus ní chuireann sé rud ar bith eile ortha acht sin. Cuireann sé na préátaí i ndrilleanna agus gnídheann sé iad-san leis an t-seisrigh. Sé an chéad rud a gnídheann sé na, "treabhann sé an talamh agus annsin forsuigheann sé é cupla uaire é. Annsin fosglann sé é agus spréidhean sé an aoileach ins na claisneacha agus annsin druideann sé iad. Cuirtear na préataí luatha i n-iomair agus gnídhtear iad san le spád agus sluasáid. Geibhtear na spádai san t-siopa.Deantar sgoilteacha le na gcur ann agus sé an dóigh a ndeantar iad na: gearrtar píosa as an preáta ina mbéadh súil amháin ar a laigheadh. Nuair a bhíonn na sgoilteacha déanta cupla lá déantar iad a dhiopáil agus nuair a thig na barrai aníos cuirtear lán ortha agus tamall ina dhiaidh sin glantar(continues on next page)
- Collector
- Seán Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Úr, Co. Donegal
- Informant
- Proinnsias Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Úr, Co. Donegal