School: Cruach Ros (roll number 15532)

Location:
Croaghross, Co. Donegal
Teacher:
Colm Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 039

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 039

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach Ros
  2. XML Page 039
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé mí-adhmhar bean ruadh a chástail duit ar do bhealach 'un aonaigh.

    Tá sé mí-adhmhar rud eigín a thúsú ar an Satharn.
    Tá sé adhmhar cruidheach le ocht tairngní ann a fhágail.

    Má cluintear grág an crothuigh fá'n teach sin comhartha go bhfuil duine gabhail a fhághail bháis.

    Tá sé mí-adhmhar má téigheann cearc trasna an bhealaigh nó má feadalaigheann cailín ag deireadh an bhaile.

    Tá sé mí adhmhar duine fionn bán a chástail ort dó'n cheud duine ar Lá Coille.

    Ní sé adhmhar gabhail faoi dreimire.
    Níl sé adhmhar amharc ar toramh fríd fhuinneog.

    Má bhriseann tú sgathán béidh seacht mbliadhna droch-adh ort.

    Níl sé adhmhar tobaca a fhághail caillte ar an bhelach.

    Nuair a tá tú dul ar thuras ní chóir duit tionntadh uair amháin a thúsnuigheann tú.

    Níl sé adhmhar duine theacht 'un t-saogail ar Domhnach Cingcise.

    Síltear go bhfuil aíteacha airithe leis taidhbhse fheiceal ann.

    Creideann ná daoine go dtig leis na sidheoga ba a scaoileadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish