School: Cruach Ros (roll number 15532)

Location:
Croaghross, Co. Donegal
Teacher:
Colm Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach Ros
  2. XML Page 035
  3. XML “An Gorta Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An bealach ó Phort an t-Salainn go Ceathramhadh Caol rinneadh é le linn na gorta. Deir na daoine má shiubhalann tú ar chuid de na bealaigh a rinneadh san bhliadhain sin, go bhfághann tú ocrach.
    Bhí bean ag déanamh an-bhruith thíos i bPort an t-Salainn in aimsear na gorta agus thigeadh na daoine mílte fa na choinne.
    Le linn na gorta tháinig bád lán plúir i dtír i bPort an t-Salainn agus ní thiocfadh é cur ar snámh arais. Deir na daoine gur sagart aba chúis leis. Tugadh an plúr i dtír agus díoladh go saor é le na daoine. Sin an chéad phlúr a h-itheadh i bhFanaid. Rinneadh an bealach idir Tamhnach agus Ceann Droma ins an bhliadhain seo fosta. 'Sé an pháighe a bhí ag na fir nó tuistiún sa lá.
    Thigeadh cúig nó sé comhnaracha ó íochtar Fanada an uile lá agus bhí na fir comh lag sin go rabh acu le a sgiste a leigint cupla uair.
    Fuair na daoine preataí lobhtha, rinn grabhógaí daobhtha, thriomuigh iad, mheascuigh iad le min choirce agus rinn arán daobhtha.
    In aimsear na gorta thainic fear siubhail isteach i
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish