Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Croaghross, Co. Donegal
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear i nGort ná Corr a shiubhal gó Tobar an Duin agus arais gan a bhreicfeasta.
SNÁMHAIDHTHE MAITHEThiocfadh le Pádraig Ua Buadhaidh as Drumanaigh míle a snámh ar a dhruim.
Thiocfadh le Aodh Mac Conaglaigh as Corraigh snámh ó Port an t-Salainn go Ceann Fanada - fad ocht míle.
Tiocfadh le fear dar b'ainm Art as Ceathramhadh Blaith snámh ó Port an t-Salainn go Dún Ríogh - fad trí míle.
FIR LE GUTH MAITHBhí far i nGleann Fanada a rabh guth laidir aige. Uair amháin bhí mac leis ag dul go h-Albain. Nuair a bhí sé ar bhárr Chnoc Eala trí míle ar shiubhal scairt an t-athair abhaile air. Chualaidh an mac é agus thainig sé arais.
RUDAÍ ÉAGSAMHLABhí fear i Leac Buidhe dar b'ainm Pádruig Mac Conaglaigh agus thiocfadh leis acra feír a bhaint i lá.
Bhí Niall Ua Ceallacháin as Gort ná Mónadh in a dhaimhseoir mhaith.
Thiocfadh le Cathal Mac Giolla Brighde as Springfield acra go leith feír a bhaint i lá.
Bhí bean i Ros Circ in am ná nDlighthe Peannaideacha(leanann ar an chéad leathanach eile)