School: Cruach Ros (roll number 15532)

Location:
Croaghross, Co. Donegal
Teacher:
Colm Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 040 Forward
Resolution: Low | High
Comharthaí Fearthainne

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 023

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1) Nuair a suidheann an cat ag an teinidh agus a chúl leis.


2) Nuair is feidir ná tonnaí thart fa Cheann Fhanada a chluinstin ag Port an t-Salainn.

3) Nuair a scairteann na crotaigh san oidhche.
4) Nuair a bhíonn ná faoileoga le feiceal in tíre.
5) Tuar-ceatha a fheiceal ar maidin.
6) Ná h-iasc a fheiceal ag leímnigh.
7) Nuair a éirigheann an t-úrlar tais.
8) Nuair a éirigheann an salann tais.

9) Nuair a bhíonn an corr-mhonadh in a seasamh san abhainn.

10) Spéir dhearg ar maidin
11) Ceo ar fhairrge
12) An ghrian an-soillseach
13) An tábla agus ná cathaoireacha ag gliurcásnaigh.
14) Ná h-eascoin a fheiceal ins ná cuibhrinn.
15) Caoineadh an mhadaidh-ruaidh san oidhche.
16) An madadh i dtrom-shuain.
17) Ná preacháin ag tionntuigh bun os cionn san aer.

18) Néalta ar dhath an óir a fheiceal sá taobh shoir sa tráthnóna.

19) Ná coiníní a fheiceal ag tochailt a gcuid poill.
20) Míoltoga go fairsing sá tráthnóna.
21) Ná cearca ag piocadh a gcuid cluimhrigh.
22) An ceo ag dul amach Beál ná Súilighe.

Language
Irish