School: Cruach Ros (roll number 15532)

Location:
Croaghross, Co. Donegal
Teacher:
Colm Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach Ros
  2. XML Page 021
  3. XML “Gnásanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    AN TORRAMH
    Sul a dtéigheann siad go dtí an roilig fágann siad an comhnair ar chathaoireacha taobh amuigh dé'n teach. Deirtear paidreacha agus craithtear uisce coisrichta thart. Muna bhfuil an bealach ró-fhada iomcruigheann siad an chomhnair. Daoine muinnteardha leis an duine atá marbhdaoine, leis an ainm ceudna má's feidir é - a iomcruigheann í.

    OIDHCHE FHÉILE BHRIGHDE
    Tá an gnás acu crosanna a dheanamh as feaga an oidhche sin. Crochann siad giota éadaigh toabh amuigh dé'n teach an oidhche seo. Bheireann siad istach é i gcuideachta ná feaga. "Bratóg Bhrighde" a bheireann siad air. Tá dóchas acu go bhfuil cumhacht leighis ann.

    LÁ FHÉILE PÁDRUIG
    Bíonn turas go dtí Tobar Phádruig atá thíos i mBaile Úr in íoctar Fanada an lá sin.

    AOINE an CHÉASTA
    Lá adhmar dó ná páistí a mbróga a bhaint daobhtha an lá sin. Creidtear nach bhfuigh siad slághdán go dtí deireadh ná bliadna.

    LÁ BEALTAINE
    Ní maith le duine ar birth a bheith an cheud duine le teinidh a lasadh an mhaidin sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish