School: Cruach Ros (roll number 15532)

Location:
Croaghross, Co. Donegal
Teacher:
Colm Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 019

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach Ros
  2. XML Page 019
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe i mbaile Cheathramhadh Bláith. Bheirtear "Tobar Naoimh Chuilim Cille" air. Tá turas ag baint leis an tobar seo. Tá an tobar suidhthe le thaobh an bhealaigh mhóir ar an bhealach ó Port an t-Salainn go Duthaigh Beag. Tá sé fá thuairm trí mhíle ó Port an t-Salainn. Tá carn cloch le thaobh an tobair agus tomanna ag fás thart fá'n tobar. Deánann ná daoine turas ag an tobar seo ó an naoimhadh lá de Mheitheamh go dtí an ochtmhadh lá déág de Mheitheamh. 'Sé an turas atá le déanamh nó gabhail thart trí h-uaire fá'n tobar agus cúig Phaidir, chúigh Abe Mara, cúig Glóir agus an Chré a rádh gach uair. Gach uair a theigheann siad thart caitheann ná daoine cloch suas ar mhullach an chairn.Tá cloch amhaín annseo agus deirtear gur fhág Colmcille rian a ghlúnaibh inntí. Bíonn siad ag amharc fachoinne an chloich seo. Gnidheann siad an turas seo costarnocht. Nuair a bhíonn an turas deánta acu ólann siad deoch dé'n uisce.
    Tá dóchas mór ag na daoine as an uisce seo. Creideann siad go leígheasann sé pian na gcnámh, deídeadh agus piantaí eile. Ma thagann duine annseo le cnead cumaileann sé an t-uisce dé'n chneadh. Tugann siad buideal dé'n uisce abhaile leobhtha. Sul a fhágann siad an tobar fágann siad rud eigín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish