School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 166
  3. XML “An Tiarna Talaimh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Badh é Iarla Liadhtram tighearna talaimh an cheanntair seo. Níl fhios agam cá fhad atá siad 'san áit.
    Char shíl na daoine mórán de shean Liadhtrom. Bhí fuath ag na daoine dó. Cuireadh go leór de na daoine ins an cheanntar seo as seilbh. Nuair a chuireadh sé amach iad bhéarfadh sé oiread airgid dóbhtha agus bhéarfadh go Meiriceá iad. Nuair a chuirtí amach iad d'imthigheadh siad go Meiriceá. Cuireadh duine amach i mBaile an Chnuic agus dóghadh an teach. Cuireadh duine eile amach i mBaile na Brocaigh agus leagadh an teach an oidhche sin. (?) a rann an talaimh in a fheirmeacaibh. Tá sin fá thuairim ocht mbliadhna agus ceithre fichid ó shoin.
    Rinn sé claidheacha thart fá na feirmeacha i chead-uair. Is cuma caidé a d'iarrfadh sé ortha a dheánamh chaithfeadh siad é a dheanamh. Bhí sé ag baint mónad amuigh i gcnoc Dhrom na Créige agus thug sé ar na daoine bealach mór a dheánamh dó amach fhad leis an mhóin.
    Bhí daoine darbh ainm na Gallchabhairigh as Magh Rois ag cruinniugheadh Deachmhaidhthe ins an t-sean aimsir. Chaithfeadh siad airgead a dhíol agus mur mbéadh airgead ar bith aca le díol bheárfadh siad leó muca nó ainmhidhthe nó caiple.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Mac an t Saoir
    Gender
    Male
    Address
    Seanach, Co. Donegal