School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 160
  3. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
  4. XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    luaidhtear ainm an Naomh seo le tobar Duimhche Móire. Níl aon phaidir ag na daoine a bhaineann le naomh De Bheadóg. Ní bhaistear aon leanbh d'ainm an Naomh san áit. Níl fhíos ag na daoine cá dé'n lá a dtuiteann Féile na Naoimh air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Is é Naomh De Bheadóg naomh patrún an cheanntair seo. Níor chuala mé go rabh mainistir no teampall ar bith aige acht tugadh séipéal Naomh De Bheadóg ar an t-séipéal atá i Ros-na-Cille. Séipéal Gallda atá ann anois acht ba séipéal Caitliceach a bhí ann ar dtús acht tugadh do na Prodasdunaigh é. Deirtear go bhfuil cloch i gcolumhan an gheafta agus gur dealbh chinn an Naoimh atá ann. Níl muid ró-chinnte fa seo.
    Níor chuala mé fá miorbhuiltí ar bith a rinne an Naomh. Síleann na daoine gur cuireadh an naomh ins an roilig atá i n-aice an t-séipeáil atá i Ros-na-Cille. Tugadh Cluain De Bheadóg mar ainm ar an Pharóiste seo in a dhiaidh. Tá tobar beannuighte ins an Dumhaigh Mhóir agus is tobar Naomh De Bheadóg an t-ainm atá. Níor chuala mé paidir ar bith ag na sean daoine a bhaineas leis an naomh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Cheallachain
    Gender
    Female
    Address
    Baile Láir, Co. Donegal