School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 148
  3. XML “Cúram na gCos”
  4. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh na daoine naoi mbliadhna sa tsean aimsir sul a gcaitheadh siad bróga. Ní'l tracht ar dhaoine nar chaith aon bhróg ariamh. Is ghnáthach le leanbhaí an lae indiu dul costarnocht tamall de'n bhliadhain ach bhíodh na leanbhaí fadó costarnocht go cionn naoi mbliadhna.
    Ní dhéantar rud ar bith leis an usige a nightear na cosa leis. Ní'l aon scéal ná pisreóg ar bith fá dtaobh de.
    Ní dhéantar bróga san áít ach cóirightear bróga ann. Seo na focla a bhaineas le cóiruighadh na mbróg páistí, bonn, sál, taoibhín, meannaid, scian, ceap, casúr, leathar, tairngí agus snaith-céireach. Ní bhíodh na gréasaidhthe níos flúirsighe fadó mar ní rabh ach beirt ins an áít seo agus tá triúr ann anois.
    Chaithtí bróga bonn-adhmaid fadó ach ní chaithtear anois iad. Ní leasuightí leathar san áit seo fadó.
    Ní cuirthí piosaí de chraicne ainmhidhthe thart fá na cosa aon am ins an áit seo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.