School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 125

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 125

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 125
  3. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An luibh is mó a ghnídheas dochar dó'n talamh sé an Farabán. Tá luibheanna eile fóta mar Copagach, Cál Gort, agus lámha Fuara a ghnídheas dochar dó'n talamh. Ghnídhean an Cál Gort na bárraí a mhuchadh corr uair.
    Deirtear nach bhfásann an buachallán buidhe in áit ar bith ach i dtalamh maith.
    Tá luibh ar a dtabhartar Bachrán. Deir na daoine da n-ólfa an subh atá ins an Bhachrán go bhfuil sé maith fá choinne casachtaigh. Ba ghnáthach leis na daoine Coll Fáithche a bhruith agus an subh a ól mar léígheas dó'n Bhricíneach. Bá ghnáthach Gáirleóg a bhruith agus an subh a ól mar léigheas do chasachtach.
    Níor chuala mé aon scéal fá ca tuige a bhfuil a leithéid de cuma ar dhuileóga airithe. Ba ghnátach leis na daoine Coll Fáithche a thabhairt do na h-ainmhidhthe. Ghnídheann na daoine usáid as Machaire an Duilisg, Duilisg agus Slabhac mar bhiadh dobhtha féín.
    Bá ghnáthach leis na daoine éadach a dhathughadh le cáirt na gcarrarraigeacha agus le fraoch. Tá nimh ins an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Siadhail
    Gender
    Male
    Address
    Baile Láir, Co. Donegal