School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 082
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i gceann amháín de na claidheacha atá annsin. I dtosach ní rabh na daoine ró-chinnte an broc a bhí ann nó nach rabh. Ach ins an deireadh fuair siad amach gur broc a bhí ann. Rinne siad iarracht é a mharbhadh ach níor éirigh leobhtha. Ní'l an broc annsin anois. Is dóiche gur cuireadh eagla air agus gur imthigh sé.Chonnaic m'athair preachan agus easóg ag troid lá amháin. Gnídheadh an easóg iarracht greim a fhágháíl ar an phreachán. Ritheadh sé agus léímeadh sé san aer nuair a bhí sé ag tabhairt an iarracht sin. Ach ní rabh maith ar bith ann agus 'san deiread fuair an preachán an bhuaidh.
Maighread Ní Baoighill, Ceann-a-Locha - Imeasg na gcnoc agus na sléíbhte i n-áit a mbíonn fraoch agus aiteannach bíonn neadracha ag gach uile chinéal ainmhidhthe. Bíonn an giarrfhiadh agus coiníní agus cearca fraoich agus madaidh uisge agus an madadh ruadh an namhaid is measa de bhrígh go ndeánann é creach mhór ar éánlaith na gcomharsanach. Iomcharann sé leis cearca agus lachain agus uain óga. Deir na(continues on next page)
- Collector
- Mícheál Mac an t Saoir
- Gender
- Male
- Address
- Cúl an Doire, Co. Donegal