Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 081
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an am fadó bhí an madadh ruadh, an broc agus an dobhar-chú le fághail go fairsing ach ní mar sin ata sé anois cé go bhfuil na h-ainmhidhthe seo le feicéail go fóill. Ins an cheanntar seo le tamall goirid tá an madadh ruadh go h-aithrid ag éirigh fairsing arais agus tá cuid de na daoine ag deanamh amach go bhfuil nead aca shuas i gCnoc na Bruidhne. Tá cuid dé na daoine ag fagháíl a gcuid cearc agus iad marbh agus is léir ó na rudaí uathbhasacha seo go bhfuil na madaidh ruadha ar obair. Dubhairt bean amháin go gcualaidh sí sgréaduigh agus gleo millteanach go mall ins an oidhche tá tamalló shoin. D'éirigh sí amach agus thug leithi solus agus ag gabháil thart taobh an toighe dí chonnaic sí a cuid cearc ag rith agus iad ag sgréadaigh agus an doras a bhí ar chró na gcearc bhí sé foscailte. D'amharc sí ins an chró ach ní fhaca sí rud ar bith d'feadfadh eagla a chur ar na chearca ach ar maidín lá ar na bharach chonnaic sí cearc marbh faoi chrann agus í strocuighthe in a clibíníbh. Is dóiche ó'n sgéal gur madadh ruadh a rinne an obair uathbhasach seo mar bhí madadh ruadh le feiceáil ag cuid de na daoine cupla lá in a dhiaidh sin.Anuraidh bhí nead ag broc ar chúl Cheann-a-Locha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighread Ní Baoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn an Locha, Co. Donegal