School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 059
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar fheim saghainne ar a dtugtar an Paisde Bán. Tá an giota seo talmhan ar an taobh thiíos de theac s'againne. Níor threabhadh é seo ariamh mar bhí sé ró fliuch. Tá dath bán ar an fheár a fhasann ann i gcomhnuidhe. Tá áit eile thíos faoi'n toigh i gcomhnuidhe. Tá áit eile thíos faoi'n toigh ar a dtugtar an "Leana Mór." Leána sin áit chothrom. Tá áit eile os cionn an toighe ar a dtugtar an t-Ard. Tá áiteacha thíos ag an tráigh mar,
    Carraig a Fhrannca
    Ceann a Phuirt
    Slaghdan Salach
    Sgoilt Threoraidhe
    Carraig a Sgoilt
    Carraig a Choiscéim
    Tráigh Bhán
    Carraig Úr
    Na Carraigeacha Dubha
    Deirtear gur throid na Franncaigh amuigh ag "Carraig a Fhrannca." Tá carraig mhór thíos ag an Tráigh Bhán. I lár na carraige seo tá sgoilt. Bheirtear Carraig a Sgoilt ar an charraig seo. Tá carraig thios ag an fhairrge ar a dtugtar "Carraig a Coiscéim." Níl ach áit amháin a dtig leat a dhul amach go dtí'n charraig. Ag an áit sin tá coiscéím amháin idir an charraig sin agus na carraigeacha ar an taobh seo de. Tráigh Bhán sin cuid de'n chladach. Níl clocha ar bith ar an tráig seo. Gainimh uilig atá ann. Tá na "carraigeacha dubha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Seanach, Co. Donegal
    Collector
    Seán Ó Beaglaoich
    Gender
    Male
    Address
    Seanach, Co. Donegal