School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 046

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 046

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 046
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”
  4. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ghnáthach leó aifreann a léígheamh amuigh faoi'n spéir. Léighthí é thall i gCúl Baic ag bun an chnuic. Bhí sagart ar a sheachnadh agus na saighdiúirí in a dhiaidh. Chuaidh sé go cupla teach acht ní leigfeadh siad isteach é. Chuaidh sé go teach in a riabh duine darbh ainm Domhnall Dhomhnaill Ruaidh ina chomhnaidhe ann agus chongbhuigh seisean é go dtí an mhaidin.
    Tomás Mac an tSaoir, Seanach
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhain Sasain na séipeáil ó na Gaedhil ins an chruth nach dtiocfadh leis na daoine cruinniughadh le chéile ag Aifreann Puiblidhe. Ar an adhbhar sin chaithfeadh sagart dhul i bhfolach amuigh ins na cnuic agus chruinniughadh na daoine go h-uile aige i ghan fhios go n-abróchadh an sagart Aifreann dobhtha. Ins an am sin bhí duais de chúig chéad phunt le fágháíl ag duine ar bith a bheirfeadh sagart na Phríosúnach. Dheánfaidhe an sagart a dhithcheannadh agus chuirfidhe a cheann ar spíc. Ins an am sin dubhairt seanachaidhe go rabh bruach glas cois an bhealaigh mhóir ag an Chréig Áird áít ar dhubhairt sagart Aifreann. Tá cuimhneadh ag go leór daoine an bruach sin a fheceáíl agus bhéádh na muca ag rabhar thart fá dtaobh de'n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Mac an t Saoir
    Gender
    Male
    Address
    Cúl an Doire, Co. Donegal