School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 026
- XML “Longbhriseadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin tamall maith ó shoin bhí bád ag teacht as Albain le malach guail. Nuair a bhí sí ag teacht aníos Loch Súilighe d'éirigh an fhairrge agus bhí an ceo comh tuigh sin nach rabh an captaon ábalta na carraigeacha a fheiceáil agus briseadh an bád ar charraig. Tháinig sí isteach in áit a bheireann siad Stocor air. Níor báitheadh duine ar bith. Ach ní rabh maith ar bith aca an gual a thabhairt leobhtha mar ní leigeadh na daoine dobhtha é a thabhairt leobhtha. Achan lá ina dhiaidh sin nuair a bhíodh an taoide ar shiubhal amach bheireadh na daoine leobhtha an gual.Dóigheadh teach i mBaile an Chnuic tuairm's trí scór bliadhain ó shoin. Chuir an tighearna a bhí san áit seo an t-athair agus mac amach as an teach mar ní rabh siad ábalta an cíos a dhíol. Nuair a dhíol siad an cíos chuir an tighearna an mac arais ins an talamh. Oidhche sul a deachaidh sé arais ins an teach dóigheadh an teach agus an sgiobal. Bhí caoirigh astoigh i gcró na gcaorach agus dóigheadh iadsan fosta. Chóirigh an tighearna an teach arais.(continues on next page)
- Collector
- Domhnall Ó Colla
- Gender
- Male
- Address
- Pollaid, Co. Donegal