School: Ballylar (roll number 10444)

Location:
Baile Láir, Co. Donegal
Teacher:
Aodh A. Mac Congáile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1090, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballylar
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé ráite go bhfuil póta óra i bhfolach ins an Pholl Dhearg i gCnoc na Duirthinne. Deirtear gurb iad na Lochlannaigh a d'fhág annsin é. Rinneadh iarracht am amháin leis an leac a bhí air mar chumhdach a thógáil acht níor éirigh leis. Rinne Michéal Mac Cafartaigh iarracht an t-ór a fhágháil acht cha dtiocfadh leis. Nuair a thóg sé an chéad leac fuair sé tuagh úr faoithe. Tá pioctúirí de stampaí ar an leic agus is é sin an dóigh a bhfuil fhios ag na daoine go bhfuil ór faoi.Rinne cúpla duine eile iarracht é a fhágáil fosta acht nuair a thóg siad an chéad leac líon an poll suas le h-uisge agus b'éigin dobhtha stad annsin. Chuaigh ceathrar dearbhráthair de shliocht Uí Cheallacháin suas oidhche amháin leis an ór a thógáil. Nuair a bhí siad ag dul síos comhgarach dó'n ór thoisigh na spádaí ghá mbualadh ins an bhéal agus thoisigh na preacháin ghá mbualadh ins an cheann agus na crainn fosta agus b'éigin dobhtha stad agus pilleadh na bhaile. Tháinig madadh mór dubh ar dhaoine eile a chuaigh annsin agus ní leigfeadh sé dobhtha dul i n-aice leis an ór. Duine ar bith a rinne iarracht an t-ór a fhágháil níor éirigh leis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Chealláchain
    Gender
    Female
    Address
    Baile Láir, Co. Donegal