School: Ballylar (roll number 10444)
- Location:
- Baile Láir, Co. Donegal
- Teacher: Aodh A. Mac Congáile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballylar
- XML Page 001
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Tá ór faoi chrann i ngarradh an Mhinistéir i dTamhnaigh. Bhí sean Mhinistéar i n-a chomhnaidhe ins an áit sin uair amháin agus bhí cuid mhór óir aige. Bhí an oiread sin aige nach rabh fhios aige caidé le déanamh leis. Sul a bhfuair sé bás chuir sé i dtaisgidh faoi corp chrann i n-a ghárradh fhéin é. Nuair a bhuail an bás é bhí sé ag cainnt leis fá na chuid óir. Bhí fear ag obair leis an Mhinistéar i gcomhnaidhe agus bhí sé ag rádh go rabh fhios aige ca rabh an t-ór. Nuair a chualaidh athair mór m'athar seo thug sé leis a dhearbhrathair agus Maighistir Ó Dorraidhean maighistear a bhí ins an Bhaile Láir agus chuaidh siad suas a chuartughadh. Thaisbean an fear seo dóbhtha an áit a rabh an t-ór. Thóisigh siad ag déanamh poill mhóir siós ins an talamh acht ní thiocfadh leo an t-ór a fhágháil. Nuair a bhí siad síos giota maith ins an talamh thoisigh na spádaí ag léimnigh in a gcuid lámha. Tháinig sgaifte mór préachan agus thoisigh siad ag buaileadh na bhfear le na gcuid eiteógaí. Fir mhóra, láidre a bhí ionnta acht ma bhí siad láidir fhéin b'éigin dobhtha teicheadh le h-eagla. Ní dhearnadh an darna h-iarraidh leis an t-ór a fhágháil.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chealachain
- Gender
- Female
- Address
- Baile Láir, Co. Donegal