School: Rathmullan (roll number 14224)

Location:
Rathmullan, Co. Donegal
Teacher:
M. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1088, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1088, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rathmullan
  2. XML Page 096
  3. XML “Tobair Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá comhartha againn go rabh Naomh Padaráig thart fá'n bhaile seo am amháin mar tá tobar in a ainm. Tá sé shíos i nGleann-bhar agus bheirtear an t-ainm "Tobar Naomh Padráig air. Gach bliadhain - Lá Naomh Padráig thig leat daoine a fheicéal ag dul go dtí'n tobar.
    Tá an tobar i lár páirce agus tá clocha thart ach níl crann ar bith annsin. Nuair a théigheann na daoine go dtí'n tobar guidheann siad do Naomh Padrág agus tógann siad uisge ó'n tobar i mbuidéal. Ní chuireann siad corca ar an buidéal.

    Giot beag suas an cnóch ó'n sgoil tá "Tobar na gCnap". Níl fhíos againn cé'n naomh a bheannuigh an tobar ach téigheann daoine agus gheibh siad biseach ann. Tá clocha thart fá'n tobar seo fosda ach níl crann ar bith annsin.

    Dha mhíle suas an bealach mór tá "Tobar na Súl". Fuair cuid mór daoine biseach ag an tobar seo. Má's maith le duine biseach a fhághail caithfeadh siad éirigh roimh 'n gréin agus dul go dtí'n tobar trí maidne indiaidh a chéile agus na súl a nighe leis an uisge 'sa' tobar.

    Giota faoi Cill Naoimh Garbhain i bpáirc tá "Tobar Naoimh Garbhain" Ní théigheann daoine go dtí'n tobar seo mar níl fhíos ag cuid mhór de na daoine go bhfuil tobar bheannuighthe ar bith ins an pháirc.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Guendolín Ní hEarcan
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Rathmullan, Co. Donegal