School: Rathmullan (roll number 14224)

Location:
Rathmullan, Co. Donegal
Teacher:
M. Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1088, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1088, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rathmullan
  2. XML Page 080
  3. XML “Na Sagairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fá thuairim 1740 bhí sagart pároiste 'san áit seo ar bh'ainm dó Ó'h-Égartaigh. Thainig an t-easboc Ó'Gallchobhair go dtí n-a theach. Bhí an t-easboc ar lorg sagairt eile le é a stiúradh ar an bhealach cheart. Thainig sé ag tabhairt comhairle do shagart darbh ainm dó MacCamhail (d'fhág sé an Eaglais i ndiaidh sin)
    Nuair a tainig an t-easboc ag teach sagairt na paróiste bhí sé ag cuir faoi an oidhche sin.
    Fuair sé cuireadh tráthnóna chuig féasta ó bhodach na háíte - Albanach. Cailín gaedhealach a chuir an bodach chuige mar teactaire. Nuair a thug sí scéala chuige chuir an t-easbog céist uirri ar chóir dó dul chuig an fhéasta. "Má's maith leat a bheith beo ar maidin na gabh" ars' an cailin. D'innis an t-easboc caidé mar bhí do shagart na paróiste . Níor chuir an sagart suim ar bith 'sa' scéal agus d'iarr sé ar (mar comhairle) dul a luighe agus oidhche mhaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish