School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
Termon, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 366
  3. XML “Maolrúnaigh Ó Grádain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sin suidhte fa thuairm ar dhá mhíle go leith os cionn Caisleán Gleann Bheathach, coille Mhaolrúnaigh.
    Bhí sé na chomhnuidhe annsin. Badh é Árd Ollamh na pagannáigh é.
    Bhí sin aige 'na chomhnuidhe i gcosanlacht mná t-Anspiorad.
    Ach nuair a bhuail an bás é chuir ard Tighearna aingeal chuige. Lás an t-Aingeal coinneall agus d'iarr air smaointeadh ar fein. Nuair a bhí an coinneall chor a bheith dóighte chuir sé céist air ar athruigh sé a innteann. "Sé an freagar a thug sé air, "Mar dhóigh mé an coinneall dóighfidh me an t-orla."
    Dubhairt sé annsin leis go bhfuigheadh sé bás do'n tart.
    "Ní fhághann fhad is tá uisge i Loch Bheathac."
    Thainig air an tart agus ní thiocfadh leis deoch a fhághailt i Loch Bheathach.
    Tharraing sé ins na fathach fásaigh ar Loch a' tSeasgain Mhóir. Chan fhuair sé deoch annsin ach oiread, agus shiubhail sé leis go Loch-a's-Allt.
    Cé-ab- ar bith a bhí cearr chan fhuair sé deoch annsin ach oiread.
    Phill sé arais 'un an t-Seasgain Mhóir agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Duibhne
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seamus Ó Muireadhaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Srath Greadaithe, Co. Donegal