Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- Termon, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 319
- XML “Seán Crosach agus Bó”
- XML “An Tarbh Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgríobhnoir: Seamús O Riodain,
Tír Chillín,
Tearmonn,
Co. Thír Conaill - Bhí fear agus bean beo am amhain. Bhí mac amhain aca darbh' ainm Seán. Bhí tarbh beag dubh ag an mhaáthair. Bhí sí ag fághail bháis. Sul a bhfuair sí bás, thug sí an tarbh beag do Sheán.
Phós an t-áthair arais. Bhí an darna bean an-olc dó Sheán. Cha dtug sí móran dó le h-íte. Bhí teaghlach aicí fhéin.
Bhí Seán amuigh ag buachualleacht. Ní rabh sé ábalta an eallaigh a choimhead.
Labhair an tarbh arais. "Cuir do láimh asteach ann mó chluas dheas," arsa'n tarbh, "agus geobhadh tú fídeog. Nuair a bhéas an éallaigh crosta, níl rud ar bith agat le deanamh ach an fídeog a shéideadh, agus rithfidh an eallaigh thart fá do chosa." Ní rabh buaidhreadh ar bith leis an eallaigh ní ba mhó.
Ní thug an leas-mháthair móran dó le h-íthe. Bhí ocras mhór air. Thoisigh sé ag caoineadh. Tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Gairbheach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tirkillin, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gairbheach
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann