School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 328
  3. XML “Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear an Tearmóinn agus an Seachrán a thainig air.
    Bhí fear ‘san Tearmónn am amháin a’s chuaidh sé go Cnoc an Ghleann Áird ag cuartughadh caora. Chuaidh sé fhad le teach ar an Ghleann Áird ag cur seanchuis fá’n chaora. [Connaicíeas]? í thart fá’n áit cúpla lá róimhe sin. Dubhairt sé le fear a’ toighe go rachadh sé suas an cnoc giota go bhfeicfeadh sé an bhfuighfead sé í. D’iarr fear an toighe air gan a dhul na go rabh seachran ins an chnoc sin. Dubhairt seisean nach rachadh sé i bhfad ó’n bhealach mhór.
    Chuaidh sé giota beag suas agus casadh fear eile air. Bhí an ceo cruinn thart fá’n áit a raibh siad ag cainnt. Dhéirigh éilin cearca fraoich in deas dóbhtha. Bhí siad ag tabhairt éiteoig cor ghiota annsin, thuitfeadh siad arís. Léan na fir iad acht cha nfhuair siad gréim ortha. Phill siad aráis le dhul ‘na bhaile a’s nuair a shíl siad go rabh siad ar an bhealach ceart, bhí siad ag siubhal fríd an chnoc. Bhí fear an Ghleann Áird ag rith leis agus fear an Tearmóinn ag iarraidh air am a ghlácaint. Bhí siad ag teacht anuas de bhruaich mhillteanach fósta, fear an Ghleann Áird ag rith [leis]? agus fear an Tearmóinn bheith ag iarraidh chonghbhailt suas leis. Tharla sé go bhfaca sé (fear an Tearmóinn) bóthog de theach, istigh ag bun binne a’s é lán daoine. Bhí siad uilig ar a nglúna agus séanduine ag tabhairt amach an pháidrín. Thoisigh seisean ag sgairteadh ar an fhear eile ag rádh go rabh fáire annseo a’s go gcaithfidh sé go rabh siad ‘chor baile, acht cha [n-eisleochadh]? fear an Ghleann Áird leis,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal