School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 324

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 324

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 324
  3. XML “Fear Mhíonformhlaigh agus na Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann i bhfad ó shoin in a chomhnuidhe i Míon Formlaigh. Bh í sé pósta ar bhean as an áit cheadna. Fuair sise bás, mar shíl seisean agus a mhuinntear, acht ní mar amhlaidh bhí, ná thug na sidheóga leobhtha í. Bhí sí i dtinneas cloinn an t-am a thug siad leobhtha í.
    Bhí seisean 'na fhear óg go fóill agus nuair a bhí an chead bhean bliadhain curtha, rinne sé suas a inntin go bpósfadh sé bean eile. Fuair sé an bhean ceart go leor agus bhí an pósadh le theacht ar aghaidh an t-seachtmhain 'na dhiaidh sin. Bhí sé amuigh, an oidhche sul ma bhí an bhainis le theacht ar aghaidh, ar an chnoc indiaidh ba. Mhothuigh sé caoineadh ins na beanntracha in dheas do. Annsin mhothuigh sé bean ag cainnt leis in a ainm. Dubhairt sí gur isé an chead bhean a bhí aige, go dtug na sidheóga leobhtha í agus go rabh banng acu uirthe. Dubhairt sí annsin go raibh síad í mharbadh an oidhche 'na dhiaidh sin ins an áit sin. Bhí siad le bhétih ag marcáidheacht ar bhéithigh 'rith an lae. Rachadh siad morán aiteanna ar an t-siubhail a's da bhfuigheadh siad an duien le í a shábhail, ní chuirfeadh siad chun báis í. D'iarr sí air a bheith ag droichead an Ghleann Áird an oidhche sin ag an seacht a chlog, sgian a bhéith aige agus é a chaitheamh as bheathach bhuidhe a tcídhfeadh sé le sgáfta eile ag dul thart, nó sin an beach a mbéadh sise air.
    Bhí iongantas mór ar an fhear, cinnte, nuair a chualaidh sé caidé mar bhí, acht chréid sé a's thuig sé é. D'imthigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Derriscligh, Co. Donegal