School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 315
  3. XML “An tSeanchailleach agus an tIasc”
  4. XML “An Buidéal Iontach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    síos an sliabh agus chan fhaca Neansaí níos mó í. Bhí an báisín n-a luighe ar an urlár agus é follamh agus an cupán ádhmaid istigh ann ach bhí iasg na dtrí ceann ar iarraidh. Agus an oidhche sin bhí stoirm mhilltineach ar an fhairrge agus báthadh suas le fiche a [sgairc]? agus deir daóine gurab iad sin na daoine a dhuílcaigh an gallach scadán a thabhaire de’n chailligh. Ach ar scor ar bith sin é an sgéal mar a (dub) d’innis Neansaí féin é agus níl fhios agam an fíor nó bréag é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Buidéal Iongantach
    Fad ó shoin nuair a bhí na daoine beaga gnáitheach i n-Éirinn bhí fear in a chomhnuidhe i bparóiste Míodhbhuidhe darbh ainm Diarmuid Ó Dubhthaigh agus a bhean, Síghle. Cha raibh aige ach feirm bheag bhocht agus leoga, cha raibh acú ach ón láimh go dtí an bhéal. Cha dtiocfadh le Sighle bhocht a dhath a dhéanamh ach an bhó a bhlighe, na préataí a bheirbhiú agus na h-uibheacha a iomchar go dtí an margadh i gCarraic Áirt. Bhí sé [cruaish]? go leór ortha an chíos a dhíol ach dhíol siad í an fhad a dtiocfadh leó. Ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish