School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 304
  3. XML “Scéal Iascairí na nDúnaibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Iasgairí na nDúnadh
    Tráthnóna breagh Bealtaine amháin tá céan bliadhan ó shoin chuaidh baicle iasgaire as na Dúnaí amach ah iasgaireacht. Nuair a shroich siad leabaidh na h-iasgaireachta scaoil siad amach a gcuid líon agus shuidh siad síos annsin go mbéadh [gal]? de’n phíopa acú. Bhí sé ciúin go leór nuair a d’fhág siad an tír ach ní i bhfad gur éirigh an spéir dorcha agus go dtáinic stoirm iongantach gharbh agus go mb’ éigin do na h-iasgairí a gcuid líon a scaoileadh ar shiubhal agus aghaidh a thabhairt ar an bhaile. Bhí eagla ar an chuid ba mhó acú nach mbéadh siad ábalta an mhór-thír a bhaint amach ach tharraing sean duine amháin sgian as a phóca, d’fhoscail sé í agus chaith sé isteach ins an fhairrge í agus ar an bhomaice táinic an ciúineas.
    Nuair a bhain na h-iasgairí an cladach ann bhí fear stráinséarach n-a sheasamh annsin rompa agus d’fhiafruigh sé dióbhtha an raibh siad amuigh ag iasgaireacht. Dubhairt siad go rabh ach go rabh an stoirm comh olc sin go rabh ortha a gcuid líon a fhágáil in a ndiaidh. Dubhairt an fear go raibh sé fhéin amuigh fósta agus go raibh air an rud chéadna a dhéanamh. “Ach” ar seisean “tá an stoirm thart anus agus tá mé ag dul amach ag cuartughadh no chuid líon.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Eiteagáin
    Gender
    Female
    Address
    Glenree, Co. Donegal