School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dán an Bháis.
1
gCloinn sibh mise, pheacaigh mhalaigh,
dear sibh aiste ariamh do’n bhás?
Tiocfadh sé mar mbeadh an gaduidhe,
‘s gearrfaidh se do shaoghal gan srás.
11
Tasocaidh sé i mbun da choire,
‘s siubalfaidh leis go gluan aníós,
Racadh sé go cnámh do leise, (t. gdeleas = thigh)
‘s fuigfeadh [mioralán]? in do lár.
111
Béidh rose na súíle annsan do mbriseadh,
Cuirfidh sé dochar i d’ucht go rian,
Béidh an dragón ‘na sheasamh ‘s a chrios le teine,
Ag feitheamh le da shlugadh ma thuitheaim tú ann.
1V.
Cuirfidh sibh duine i gcéin an tsagairt,
Is eagla liom go bhfuil tú mall,
An rabh tú dochartach d’ón Aifreann,
‘s an dearn tú deirce ar an té bhí fail
V.
Is minic a bhí tú do luighe ar [misge,]?
An mhéid a’s chur tú ann do chríos,
Do luighe san dígh gan lúgh gan tapaid,
Gan binn ar Dia, as ar Mhuire do ghoidhe.
V1. Tiocfadh na slúighte Diabhal Ifrinn,
‘Is lasracha teineadh leo in a gcríos’(continues on next page)- Informant
- Anna Nic Ghiolla Brighde
- Gender
- Female
- Age
- 90