School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 262
  3. XML “An Gearrán Bán agus an Rí Breac”
  4. XML “Scéal fá dtaobh de Rí a Bhí i nGorta Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag gabhail fríd an Abar Mhór chuaidh an gearran bán síos “Tarraing mé, tarraing mé” arsa an gearran bán léithe, “agus bhéarfaidh duit an póta óir agus an pota airgid atá ag dhá cheann mo leabaidh”. “O! a pógaire”, arsa an cailín “ta sin uilig agam féin anois”. “Tarraing mé, tarraing mé” arsa an gearran bán agus bhéarfaidh mé duit an t-slát gheal ata ag ceann mo leabaidh, agus thig leat í a bhualadh ar an chloich glais atá ag an doras agus éireochaidh do dhá dheirbhshiuir comh maith agus bhí siad ariamh” Ní thug sise áird ar bith air, acht bhfúgh sí síos níos fuide é agus [stiuc]? sé Annsin thug sí cuireadh do na madaidh as na bailte uilig nó gur ith siad é. Bhuail sí an t-slát gheal ar an chloich ghlais a bhí ag an doras agus d’éirigh an beirt deirbhshiuir beo arís agus thug an triúr leobhtha saidhbhreas mór chuig a n-athair agus bhí lútghair mhór air rompa.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgeal fá dtaobh dé Rí a bhí i nGortamora.
    Bhí i bhfád bhfád ariamh a shóin. Bhí rí ar Gortamóra. Bhí aige saidhbhreas go leór. Bhí tarobh tíre dó talamh aige, ba agus beithidhigh gan chunntas bhí sealbhain mór dé chaoraigh aige gach aon seort aige dá dtiocfadh leis a iarraidh. Bhí nighean amach aige agus bhí grádh mór ag an nighean ar sgealtaí. Dubhairt sé go dtabhairfeadh sé a nighean agus an saidhbhreas dó fear ar bith a innseochadh sgéal dó nach dtiocfadh deireadh ar,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2300: Endless Tales
    Language
    Irish