School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 257
  3. XML “An Gearrán Bán agus an Rí Breac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fad ó shoin bhí Rí breac in a chomhnuidhe ar an Chorrach agus bhi triúr nígheanacha aige. Bhí gárradh bréagh cáil aca, agus bhí rud éighinteacht ag teacht air ins an oidhche. Oidhche amháin, arsa an nighean a ba sine "Mo dhona agus mo dhothuirne, a athair, suidhfidh mé anocht go bhfeicfidh mé caidé atá ag teacht ar ár gcuid cáil," agus shuidh
    Nuair a thainig an mheadhon oidhche, chuaidh sí amach agus bhi an gearran bán ins an chál. Rith sí isteach agus ba í an lonnai an chead rud a casadh dithe. Rith sí amach agus bhuail sí an gearran bán leis an lonnaí. Ghreamuigh an lonnaí do thóin an ghearrain bháin agus do lámha an cháilín. Tharraing an gearran bán leis í fríd chlocha a's carnain, fríd bhogain a's sgreagain nó go dtainig siad go dtí an Bheinn Bhuidhe.
    Bhuail an gearran bán ar an bheinn agus d'fhosgail an cúirt a ba dheise a's a chonnaic súil ariamh. Chuir sé an cailín isteach, agus d'iarr sé uirthi an bhó a bhlighe, agus braon bainne a thabhairt dó'n chat nó dó'n choilean, agus na seomraí uilig a sguabádh. acht an seomra amháin, agus ar a bhás gan doras an t-seomra sin a fhosgladh.
    D'imthigh sé fhéin leis. Bhligh an cáilín an bhó, sguab sí na seomraidhthe agus annsin d'fhosgail si an seomra. Ní rabh annsin acht daoine a rabh na cinn caithte daobhtha. Chuaidh sí ar a glúnaibh agus dubhairt si a h-urnaighe. Nuair a thainig sí amac as bhí fuil ar a glúnaibh agus ni thiocfadh léite í a fhaghail de na cuid glún. Dubhairt an cat agus an coilean léithe da dtabharfadh sí pláta bainne dó'n uile ceann aca go lighfeadh siad an fuil de n-a cuid glún, acht ní thabharfadh si dóibh é. Chuir sí uirthi a cuid bróg agus thoisigh sí ag sníomh ar an túirne. Thainig an gearran
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh, Co. Donegal