School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 256

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 256

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 256
  3. XML “Maol Muire agus an Gobán Saor”
  4. XML “Cathoireach Cábann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis an Ghoban t-Saor gur fhag sé ins an bhaile é. Annsin thug an bhean a mac do Mhaelmordha arais agus dimthigh an bheirt acu chun an bhaile. Char chuir siad buaidhreadh ar bith ar an Ghoban t-Saor ní ba mhó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Cathoireach Cábann.
    Bhí fear i bhfad ó shóin a dtugadh siad Cathaoireach Cábann air. Tháinig sé isteach oidhche amháin chúig bean agus d’fhiafruigh sé dé cáide an t-ainm a bhí air. Tá mo ainm faoi mo thóin agus mo shloinne fá mo mhuinéal “A Chathaoirigh Cabann” míle fáilte romhat. Dá mbéadh a dhath tairsing agam duit bhruithfinn dornán preataí duit. “A bhean chroidhe bruith thusa na preataí agus tairsing liom fhéin”.
    Nuair a chuaidh sé a ithe na preataí dubhairt bean a tóighe shíl mé go rabh tarrsing leat fhéin. A bhean chroidhe is maith an tairsing an t-ocras. Nuair a bhí sé ag gabhail a luighe chá rabh béarla ar bith aicí le é a chur a luighe Chuaidh sí amach fá choinne comharsanach mná le é a chur a luighe. Tháinig sí sin isteach agus labhair sí leis mar seo. “To bed, to bed a dhuine chóir”. Tá sé ‘na luighe anois agus níl oiread béarla ins an Mhálainn bhig, nó ins an Mhálainn mhóir agus chuirfeas na shuidhe á ar máidín amaras” arsa bean a toighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Luadhóg
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal