School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 248

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 248

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 248
  3. XML “Scéal - Liam an tSoip”
  4. XML “Na Trí Teaghlaigh a Bhí ina gCónaí ag Bun Gháinne Caora”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    flaithis agus d'fhiafruigh Naomh Micheal dó ca rabh sé ag dul agus dubhairt é go rabh sé ag iarraidh isteach.
    Diarr Naomh Micheal air glanadh leis, no nuair a bhí sé ag faghail trí neithe ar bith nar iarr sé faghail na Flaithis. D'imthigh Liam leis go dtainig sé go dtí geaftaí Irinn. Chonnaic an diabhal mór é ag teacht agus d'innis sé dó na diabhail bheaga é agus d'iarr siad sa'n Sop a chaiteamh chuige agus é ar lasadh. Thúg siad an Sop dó agus d'imthigh sé agus tá sé ag gabhail thart ó shóin o chnoc go cnoc agus ó crann go crann agus nuair a bhíonn athrughadh ar an aimsear bíonn Liam níos measa nó am ar bith.

    Mícheal Mac Giolla Cheara,
    Dúmhaigh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí am amháin in a gcomhnuidhe trí teaghlaigh ag Bun Gháine Caora. Bhí giota beag talaimh aca. Bhí siad ag troid leis an t-saoghal agus an saoghal ag troid leobhtha, agus corr uair bhí sé ag faghail buaidh ortha. B'é an gnas sa'n am sin ann, lá go gcaithfeadh siad gabhail i lathair an Tighearnaigh (?) leis an cíos a dhíol. Ní rachadh fear ar bith le labhairt leis an Tighearna. D'orduigh gach fear dá bhean a ghabhail.
    An chead bhean a chuaidh isteach dubhairt sí leis an Tighearna. "A Chara, ni'l an cíos sin agam indiú." "Caidé an fath a dtainig tusa annseo" adubhairt an Tighearna. "Narbh'é do fhear a ba chóir a theacht." "O" adeir sí. "Tá mo fhear-sa amaideach. Ní (?) i lathair ar bith ann le labhairt le do mhucasamhailsa." An dara bean a chuaidh isteach dubhairt í an rud céadna. An treas bean a chuaidh isteach dubhairt sí an cainnt céadna.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    AT1408: The Man who Does his Wife's Work
    Language
    Irish
    Collector
    Donncadh Mac Láithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal