School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 245
  3. XML “Scéal - An Bhean agus an Pota”
  4. XML “Scéal - Liam an tSoip”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fad o shoin agus bhí dróch air. Bhí ceardcha aige ag cionn an toighe acht ma bhí féín ní rabh sé ag deanamh morán oibre ann. Lá amhain thainíg sé isteach leis an dinneur a dheanamh réidh agus thainic fear isteach agus d'iarr sé rud beag cuididh air. Líon Liam an mála lán préutaí dó agus bhí sé ag gabhail a chur an mhála suas ar a dhrúim. Acht d'iarr an fear bocht air fanacht tamall beag go rabh cupla focal aige le rádh leis. Dubhairt sé go dtabhairfeadh sé trí neithe ar bith dó Liam ar són cómh maith agus a bhí sé agus an croidhe maith a bhí aige. "Maith go leór" adeir Liam, Is maith liom iad a fhaghail agus d'iarr sé an chéad cheann.
    Dubhairt Liam go rabh sparán aige agus go rabh sé i gcomhnuidhe go fosgladh agus gur chaill sé moran airgid amach a's agus gur mhaith leis nuair a dhruidfeadh seisean é gan é fhosgladh acht go bhfosglochadh sé féín é. "Maith go leór" arsa'n fear bocht, gheobhaidh tú sin. Caide an dara ceann. "Tá cathaoir agam agus tá gach duine ag suidhe inntí agus tá sí ag tuitim a's a cheile" arsa Liam agus ba mhaith liom duine ar bith as shuidhfeadh inntí gan é a bhéíth abalta éirghe go dtabhairfinn fhéín céad dó." "Maith go leór" arsa an fear bocht, "Gheobhaidh tú sin." Caidé an treas nidh atá tú a iarraidh." "Tá" arsa Liam, Fuair mé ord mór úr agus bíonn gach duine a thíg isteach ag faghail gréím air agus ag obair leis agus tá eagla orm go mbrisfidh siad é agus bá mhaith liom an duine a gheobhadh gréim
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Will-o’-the-wisp (~74)
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheal Mac Giolla Cheara
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh, Co. Donegal