School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 243
  3. XML “Scéal - An tÉireannach agus an tAlbanach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Éireannach agus Albanach ann aon úair amhain agus d'imthigh siad na Cólaiste agus thainig an bheirt aca amach na dhá shagart óga. Bhí siad ag teacht na bhaile agus thainig siad fhad le teach agus fuair siad lóistín. Nuair a thainig an maidín d'fhiafruigh siad an bhfuigheadh siad chead aifreann a léigheadh agus dubhairt fear an toighe "go bhfuigheadh agus fáilte." Léighidh siad an t-aifreann agus d'fhiafruigh fear an toighe dobhta "caidé'n tórmán a bhí ins an t-seomra areir." Bhál arsa fear aca "dhéanfaidh muid inne ar ndicheall le sin a chur ar siubhal."
    Chuaidh siad go dtí an seomra agus tosuigh siad a léaghadh a's leabhar urnaighe a bhí aca. Nior b'fhada gur chuir an diabhal a cheann aniar a's faoi'n leabáidh. "Níl mise ag gabhail imtheacht gan comhraduidhe" arsa seisean agus thúg siad cat anios agus chaith ag cosa an Diobhail é. D'imthigh sé amach na splanc amhain téineadh fríd cheann an tóighe. Thionntuigh fear a toighe agus a bhean le bhéith na Caitliocaigh agus an té nach rabh dúil aige tionntadh céad aige imtheacht leis agus chongbhochadh fear an toighe iad fada go leór dá mbéadh dúil aca fanacht acht níor fán siad d'imthigh siad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Padraig Ó Luadhóg
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal