School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 238
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - An Fear nár Dhíol an Cíos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus d’ith sé an chearc. Ar maidin nuair a d’eirigh siad d’fiafruigh an t-Éireannach do’n Albanach caidé’n briongloid a bhí aige areir. “Shíl mé go dtainig Aingeal anuas a’s na Flaithis agus go dtúg sé mé leis suas”. O” arsa an t-Éireannach “nuair a bhí tusa (shuas) ag imtheacht suas d’éirigh mise agus d’ith mé an cearc”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Scéal.
    An fear nar dhíol an cios.
    Bhí fear ann aon úair amhain agus ní rabh a dháth airgid aige leis an chios a dhíol agus b’éigean dó an [beidhidheach]? a thabhairt leis agus é a dhíol. Nuair a chuaidh sé giota fada thainig sé fhád le teach le taobh an chladaigh agus casadh dhá fhear dé agus d’iarr sé ortha a ghabhail isteach agus cluithche cardaí a imirt. Isteach leis agus dubhairt siadsan go gcongbhochadh siad an beithidheach dó go dtiocfadh sé amach.
    Isteach leis agus comh luach agus a chuaidh séisean isteach léig siadsan ar shiubhail an beithidheach. Tóisigh sé a imirt agus bhain sé gach cluithche agus bhí a chuid pocaí lán airgid. Cupla lá na dhiaidh sin fuair a mhuinntear rud éigintheacht cosamhail leis an fhear a d’imthigh ag an chladach agus thúg siad na bhaile é agus chuir siad é. B’éigean do’n bhean a ghabhail agus punt a fhaghail o’n t-sagart, fá choinne é a chur. Cupla lá na dhiaidh sin thainig an fear a d’imthigh agus nuair a chonnaic siad é druid siad an doras air mar gur shíl siad gur a thaidhbhse a bhí ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Luadhóg
    Gender
    Male
    Address
    Na Dúnaibh, Co. Donegal