School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 237
  3. XML “Scéal - An Clibíneach”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal.
    Aon lá amhain bhí beirt fhear amuigh ag siubhail. Bhí siad ag gabhail a chuartughadh oibre agus shiubhail siad leobhtha go rabh néoin bheag agus déireadh an lae ann. Ní rabh sé i bhfád gur éirigh sé dorcha agus bhí siad an tuirseach agus ní rabh fhíos aca caidé le deanamh. Shiubhail siad leo agus bhí sé iongantach dorcha. Sa deireadh chonnaic siad solus i bhfád uatha agus tharraing siad air. Bhí teach ann agus chuaidh siad isteach ann agus bhí ocras mór ortha. Albanach agus Éireannach a bhí ionnta.
    Nuair a chuaidh siad isteach sa’n teach ní rabh a dháth ann acht na ceithre ballaí. D’amharc an tÉireannach thart agus fuair sé cearc sa choirnéal agus mharbhuigh siad agus ghlán siad í. Lás siad suas téine agus fuair siad séan phóta agus chuir siad an chearc isteach ann agus chuir siad ar an teine í. Shúidh siad thart fa’n teinidh agus thoisigh siad a sgealaidheacht. Nuair a bhí an chearc bruidhte d’amharc siad uirthi agus dubhairt go rabh sí ró bhéag ag beirt nach ndéanfádh sí acht duine amhain. Shocruigh siad mar seo é, an duine a bhéadh an brionglóid a b’fhéarr aige an oidhche sin go bhfuigheadh sé an chearc ar maidin le h-ithe. D’fhág siad an chearc sa’n phóta agus rinne siad leabaidh agus chuaidh siad a luighe. Fá thúairím lár na h-oidhche nuair a bhí an t-Albanach na chodladh d’éirigh an t-Éireannach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Domhnall Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Gorta Mór, Co. Donegal