School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 215
- XML “Caisleán na dTuath”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí Téicheadh na h-Iarlaí.Thug an chead Séamus Caisleán na Tuaithe (C. na dTuath) agus na tailte thart timcheall air do Shasanach darbh ainm Seán Dáibhir. Seal gearr i ndiaidh sin dhíol an fear seo é le Sasanach eile agus sa deireadh ins an 19adh aois fuair na Stíobhartaigh é. Bhí sé aca go dtí go dtug siad suas a rabh de thalamh aca do Coimisiún Talamh na h-Éireann.Fuair na Gaedhil seilbh ar an Chaisleán ins an Éirghe Amach agus ba annsin a thainig Eoghan Ruadh Ó Néíll i dtír san bhliadhain 1642. D'fhan an Chaisleán fé ceannas na nGaedheal go dtí'n bhliain 1650 nuair a d'ionnsuigh an Ridire Séarlas Coote é agus d'éirigh leis é a bhaint amach. Aran bhliadhain cheadhna rinne an Taoiseach Mac Suibhne iarracht le a fhághail arais, ach theip air.Ba é "Maol Muire an Bhata Bhuidhe" an taoiseach deireannach de Chlann tSuibhne a chómnuidhe san Caisleán. Bhí droch chlú aige san cheanntar siocar cómh tíorántach agus a bhí sé. Deirtear(continues on next page)