School: Carraig Airt
- Location:
- Carraig Airt, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Phaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig Airt
- XML Page 178
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seán Crás as an iachtar. Bhíodh sé ag goid airgead ó daoine a shíl sé go rabh go leór aca agus ní thiocfadh leis na gárda breith air. Am amháin bhí sé i nDoire agus rinne sé rud éiginteacht as an casan agus bhí na gárda in a dhiaidh. Bhí capaill ag na gárda agus bhí Seán ag rith ar a cois. Bhí cú leobhtha fosta agus bhí madadh níos fearr ag Seán. Nuair a rith an cú i ndiaidh Seán thiontuigh madadh Seán ortha agus marbh sé iad.
Rith Seán agus an madadh leobhtha agus na marcaigh in a dhiaidh go dtí go dtáinig siad go abhann. Shíl na gárda na dtiocfadh le Seán dhul thar an abhann. Léim madadh Seán thar an abhann agus lean Seán é. Nuair a fuair Seán thar an abhann rith sé leis go dtáinig sé fhad le coille. Chuaidh sé i bhfolach sa coill. Nuair a tháinig na gárda fhad leis an choill thoisigh Seán ag tógail calainn. Chualaidh na gárda é agus shíl siad gur bhreith duine éiginteacht air. Bhí siad ag dul isteach go dtí’n coill nuair a tháinig Seán amach. Bheir sé air duine de na gárda agus bhain cúlaidh de agus an capall agus cheangail é do tóir. Chur sé an cúlaidh ar fhéin acht bheir gárda eile air agus thug siad go Doire é agus bhí sé le na cróchadh. An lá a bhí siad ag dul a chróchadh é d’fhiafruigh sé i nGaelic an rabh duine ar bith as Doire annsin agus ní rabh. Bhí cuid mhór airgead i bhfolach aige agus nuair nach rabh duine ar bith as Doire ann ní innseóchadh sé cá rabh sé. Fuair sé bás agus níl fhios ag(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Lochlainn
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dunmore, Co. Donegal