School: Carraig Airt

Location:
Carraig Airt, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Phaidín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig Airt
  2. XML Page 175
  3. XML “Seancheirdeanna”
  4. XML “An Long Seoltóireacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. faoi'n t-sean mhuiríneach. Theidheadh sé araigh mar sin go mbéadh an tuighe ar an teach. Nuair bhéád an tuighe ar an teach aige chuirfeadh siad na rópaí air annsin. Ba ghnátha leobhtha gallúnach a dhéanadh as geir na gaorach agus na ba. Bhí daoine eile ann agus dhéanamh siad scuaba agus dhiolfadh siad iad. An dóigh a dheanadh siad na scuaba rachadh siad na chnuic agus gheobhadh siad fraoch agus bata fada agus chuirfeadh siad an fraoch thart air. Chuirfeadh siad seaghain thart ortha annsin. Nuair bhéadh cúpla ceann déanta dhiolfadh siad iad.
    (ó neart daoine thart fá seo)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tuairim ceithre ficeadh blian o shoin chuaidh long seóltaireacht amach as cuan Ghleann Úraighe le lásta cloch. Bhí sí ag dul go Glascú. Ní rabh de fhuireann ar an bhád seo ach trí fir. Nuair bhí siad tuairim amuigh i lár na fairrge d'éirige an ghaoth agus d'éirigh an fhairrge garbh. Bhí na tonnaí móra ag bualadh suas in aghaidh taobhanna an bhád; bhí dhá ancar amuigh aca. Ní rabh siad ábalta seasadh ar an droichead. Chuaidh siad isteach faoi cruinn an bháid le fosgadh a fhághail. D'éirigh an fhairrge níos garbhach agus beirt de na fir bás. Thonntuigh an bád agus thuit an fear eile amach. Tháinig sé isteach ar an chladach. Chuaidh cúpla fear amach agus thug siad isteach go teach muintreach é. Bhí sé chór i bheith marbh. Chuir siad i luighe é. Nuair a bhí chór biseach air d'iarr sé ar fhear an tighe thabhairt píosa cáise a thabhairt do. Dubhairt an fear eile nach rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Niall Ua Duibhir
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir