Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Donegal
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 170

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 170

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 170
  3. XML “Nósanna Oíche Shamhna”
  4. XML “Longbhriseadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bíonn athas ar gach duine ar oidhche shamhna, Bíonn ach seort cleasanna aca. Bíonn tubán aca agus líneann siad le uisge é agus cuireann siad ubhlaí isteach ann. Toisigheann gach duine annsin ag iarraidh greim a fhághail ortha. Bíonn ubhl agus crochann siad ar sagan é, agus bíonn gach duine ag iarraidh greim a fhághail air.
    Déanann an mháthair tuirtean milis agus cuireann sí fáinne ann. An chéad duine a gheobhfaidh an fáine sé an chéad duine a bheas pósta. Nuair bhíonn siad tursach ag sin gheibheann siad sgalaí agus cuireann siad uisge i gceann aca creafóg i gceann agus fáine sa cheann eile. Annsin cuirtear éadach ar súile gach duine agus siubhleann siad go dtí an áit a mbéidh na sgalaí agus cuireann siad a láh isteach ins na sgaltaí. An duine a chuireann a láimh isteach san uisge rachaidh sé thar sáile agus an duine a chuireann a láimh isteach sa chreafóg sé an chéad duine a gheobhfaidh bás. Bíonn siad an innse sgéalta agus bíonn spóirt mhaith aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Doimnic Mac Giolla Bhrighde
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
  2. Cúpla bliain ó shoin briseadh long nuair bhí sé ag teacht un an tír seo. Bhí sé ag teacht as Albain. Bhí siad ag teacht i ndiaidh bheith in Albain. Bhí siad cógra do’n bhaile thoisigh an oidhche ag éirigh garbh agus caitheadh amach san fhairrge iad. Sábhladh duine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.