School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 73

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 73

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 73
  3. XML “Naomh Colm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Naomh Colmcille.
    Is fa dtaobh de naomh Colmcille is mo a bhfuil sgealtaí ag na daoine. I nGartan a rugadh Naomh Colmcille. Seo cuid de na sgealtaí a innsean siad.
    Nuair a bhí Naomh olmcille ins an cheanntar seo chuaidh sé isteach i dteach ins an Ghleanniarthach. Bhí ocras air agus d’iarr sé píosa aráin. Ní rabh aráin ar bith deánta ag an bhean acht bhí tuirtín ar an teinidh. Bhí droch theine faoi an aran agus bhéadh sé tamall maith go mbéadh sé réidh. Dubhairt Colmcille annsin go mbéadh i gcomhnuidhe droch theine ag daoine nuair bhéadh ag deánamh aráin.
    Uair amháin bhí Colmcille na chodhlad i mbun binne agus bhí daoine ag troid ins an Ghleann agus mhuisgail siad é. Dubhairt Colmcille go mbéadh daoine i gcomhnuidhe ag troid ins an Gleann.
    Bhí Colmcille ins an Gleann Árd uair amháin agus bhí léir buachaillí laidire ann. Dubhairt Colmcille annsin go mbéadh i gcomhnuidhe buachaillí laidre ar an Ghleann Ard.
    Bhí Colmcille ag dul fríd Tulach uair amháin agus thainig na daoine amach ag sgairtigh “Amharc ar an fear mire” agus bhí siad ag gairidh. Dubhairt Colmcille go mbéadh i gcomnuidhe fear mire annsin agus go mbéadh daoine ag gairidh fa dtaobh díobhtha.
    Uair amháin bhí Colmcille ag dul thart ag teach produsdunaigh. Bhí bean na seasadh ins an doras.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Haimlet
    Gender
    Female
    Address
    Carnagore, Co. Donegal
    Informant
    Máighréad Bean Mhic Lochlainn
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Carnagore, Co. Donegal