School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 71

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 71

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 71
  3. XML “Scéal fá Cholm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. La amhain bhí Colmcille i mbaile i dTir Conaill. Chruinnigh muinntir an bhaile thart air agus thoisigh Colmcille ag innse gach rud dobhtha fa Dhia.
    D'éist siad go módhamhail leis ar dtús agus indiaidh talaill tamaill thoisgh siad ag gaire agus ag magadh faoi agus dubhairt siad nach rabh ann acht amadán. Stad an Naomh annsin agus dubhairt sé nach mbéadh an baile sin gan amadán nios mo. Agus is fíor an focal a dubhairt sé. Siubhail sé leis annsin.

    Scéal eile fá Cholmcille
    Bhí Éach Bhán I gCul Buidhe uair amháin agus dubhairt Colmcille go mbéadh Each bhán i gomhnuidhe i gCul Buidhe. An fear ar leis an t-Each Bhan bhí dhá capall aige agus dhíol sé an t-Éach Bhán ag iarraidh breágoír a dheanamh de Colmcille. Acht nuair a tháinig sé abhaile bhí searrach a rabh dáth bhan air ag an capall eile a d'fhág sé sa baile. Agus ariamh o shoin tá éach bhán i gCul Buidhe.

    Sceal fá Chloich Colmcille
    Tá cloch i dToraigh agus Cloch Colmcille an t-ainm atá air. Nuair a bhí Colmcille ag fágail Toraigh uair amhaín bheannaigh se cloch agus ó'n am sin duine ar bith a dhéanfaí (?)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhuidhe
    Gender
    Female
    Address
    Glengillagrana High, Co. Donegal
    Informant
    Cáit Bean Uí Bhuidhe
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Largantrean, Co. Donegal