School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 64

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 64

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 64
  3. XML “Íosa, Muire agus Ioseph”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Iosa, Muire, Ioseph.
    Nuair a b’eigin do Ioseph agus Muire téicheadh agus an leanbh óg, Iosa a thabhairt leobhtha ar h-eagla roimhe na saighdiúirí is an dhruim asail a chuaidh siad. No ní rabh gluaistean ar bith ann san am sin. Deir na daoine ó’ h-am sin go bhfuil sé peacach asal a bhuaileadh ro-throm no malach ro-mhór a chuir air. No deir siad go bhfuil an áit an shuidh a Triúr le feiceal go foill an dhruim an asail.
    Lá amháin nuair a bhí na saighdiúirí indiaidh Naomh Steaphain thainig sé fad le crann a rabh duilleabhar tuigh uirthí. Ní rabh na saighdiúirí i n-amarc agus chuaidh sé suas ar an chrann le folacht go rachadh siad thart. Nuair a thainig na saighdiúirí fhad leis an chrann bhí siad tuirseach agus shuidh siad síos faoi’n chrann le na [sgithisce]? a dheanamh. Bhí dreoilín ins an crann agus nuair a shuidh siad síos [d’eitil]? sé amach agus rinne sé callan. D’amharc siad suas agus chonnaic siad Naomh Steaphan. Gabh siad é. On am sin ní’l meas ag na daoine ar an dreoilín.
    Nuair a bhí na saighdiúirí ag cur Iosa u’n báis ar an crois chuir siad dairne fríd a chrann. Thainig spídeóg bheag thart agus nuair a chonnaic sí seo [d’eitil]? sí suas ar Iosa agus thug sé iarraidh ceann de na tairní a phiocadh amach. Níor éirigh leithe acht thainig deor bheag de’n shuil ar a brollach agus deir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Haimlet
    Gender
    Female
    Address
    Carnagore, Co. Donegal
    Informant
    Máighréad Bean Mhic Lochlainn
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Carnagore, Co. Donegal