School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chomhnuidhe i nDhruimeasdin uair amhain a rabh "an Rúsian" mar leasainn air. Bhí sé ag teacht 'na bhaile mall oidhche amháin, agus chonnaic sé sgaifte sidheóg astoigh i gcuibhreann.
Tháinig siad amach agus chuir ceist air an mhaith leis oidhche mhaith spóirt a bheith aige. Dubhairt seisean gur mhaith. Chuaidh na sidheóga annsin agus tharraing achan ceann aca buachaillín buidhe do féin agus tharraing siad ceann do'n Rúsian fosta.
Annsin thionntuigh na buachaillíní buidhe isteach 'na gcaiple agus d'iarr na sidheógaí ar an Rúsian a dhul a mharcuidheacht ar a chapall ach gan labhairt go dtiocfadh sé de airís.
Chuaidh siad uilig a mharcuidheacht annsin. Nuair a chuaidh siad giota thoisigh an Rúsian a mholadh na gcapall. Fágadh in a sheasamh annsin é agus gan aige ach buachaillín buidhe in a láimh. Sgairt sé leis na sidheógaí seanns eile a thabhairt dó agus nach labhairfeadh se níos mó go dtiocfadh sé de'n chapall. Thuirling duine de na(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Ceallaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Toam, Co. Donegal