Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- Glen, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 4
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhfuigheadh sé bás dé'n ocras agus é leis in a phóca. Thug sé amach bocsa beag agus nuair a bhain sé an clár de léim sgaifte saighdiúr amach.
D'innis sé dó Sheán go ndéanfadh na saighdiúirí seo rud ar bith a n-iarrfaidhe ortha. Bá é an deireadh a bhí air go dearn siad mailirt ar an bhocsa agus an t-eadach.
D'imthigh Seán leis airis ag tarraingt ar Ath-a'-Dá-Chorr. Chá deachaidh sé i bhfad gur bhuail an t-ocras é. D'éirigh sé mio-shásta beis féin go dtug sé ar shiubhal an t-éadach. ní rabh fhios aige caidé le déanamh. I gcionn tamaill smaointigh sé air féin. Bhain sé an clár dé'n bhocsa agus d'iarr ar na saighdiúirí imtheacht agus an t-éadach beag a fhághail dó airís.
D'imthigh siad agus ní rabh i bhfad go rabh siad arais agus an t-eadach leo. Shiubhal sé leis annsin gur shroich sé an baile.
Nuair a shroich sé é d'fholaigh sé an t-ór faoi charraic a bhí in aice an toighe.
Ní rabh sé i bhfad sa bhaile go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Donegal