School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 139
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean sgéal.
    Bhí bean ann uair amháin. Oidhche amháin nuair a bhí sí na luighe thainig duine eiginteacht go dtí an doras. D’éirigh sí agus d’fhosgail sí an doras agus d’iarr ar an dhuine theacht isteach. Thainig giorrsach bheag isteach agus gruaig dearg uirthe. D’iarr an ghiorrsach uirthe theacht léithe go teach a bhí ar an bhaile go rabh sí a dhith ortha. Sul ar fhag sí a teach féin sgairt an coileach. Nuair a chuaidh sí fhad leis an teach bhí na daoine na gcodladh agus ní rabh an ghiorrsach le feiceail. Chuaidh sí na baile agus bhí fhios aice gur sidheog a bhí ins an ghiorrsaigh bhig ruaidh agus go bé gur sgairt an coileach sul ar fag sí an teach bheireadh an sidheog ar siubhal í. Nó deir siad go gcoinbhuigheann coileach ar siubhal olcas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máighréad Haimlet
    Gender
    Female
    Address
    Carnagore, Co. Donegal
    Informant
    Máighréad Bean Mhic Lochlainn
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Carnagore, Co. Donegal