School: An Gleann (roll number 14277)

Location:
Glen, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 129
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Sgéal.
    Bhí féarmóir mór ann uair amháin agus bhí buachaill aimsire aige a rabh meas mór aige air. Stadadh an buachaill seo gach Satharn ag an dó dhéag a chlog gach Satharn, agus ní iarradh an maighistear air níos mó a dheánam go maidín Dé Luain.
    Nuair a chonnaic na buachaillí aimsire eile fá’n áit seo thoisigh siad ag iarraidh fághail stad ag an dó dhéag gach Satharn fosta.
    Dubhairt na maighistirí nach mbéadh siad abalta iad san a dhíol ar son oibre a’s iad ag dul thart na dtost. Ní rabh maith ann. Ní thabhairfeadh na buachaillí suaimneas ar bith dó na maighistirí ach ag rádh go stad fad siad a dh’obair ar fad.
    Sa deireadh tháinig na maighistirí uilig lé chéile go bhfeiceadh siad caidé bá chóir a dheánamh in a thaoibh. Dubhairt cuid aca gur chóir dó dóbhtha a dhul chuig an mhaighisttir seo as iarraidh air tabhairt ar a bhuachaill oibruighadh go dtí an sé gach Satharn. Chuaidh siad.
    Dubhairt an fear seo nach ndeánfeadh sé sin no gur buachaill maith a bhí ann agus go rabh sé níos fuide ar aghaidh le na chuid oibre na duine ar bith eile fá’n áit. Na dhiaidh sin tháinig cupla duine aca a fhiafruigheadh dó’n
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Eithne Ní Cheallaigh
    Gender
    Female
    Address
    Drumlackagh, Co. Donegal
    Informant
    Cathal Ua Ceallaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Drumlackagh, Co. Donegal